skip to Main Content
Back to School Support

Parents, access your School's Wriggle Store here

Parents orderBack to School Support

Teicneolaíocht & Achmhainní Gaeilge sa Seomra Ranga

By Danny Curran

Urlisí chun acmhainní Gaeilge a chruthú

Tá an Ghaeilge go mór i mbéal an phobail faoi láthair. Tá éachtaí faoi leith bainte amach ag ár gcuid ceannródaithe scannánaíochta ar staid idirnáisiúnta le déanaí. Daoine ar nós Paul Mescal, Brendan Gleeson, agus Colm Bairéad. D’éirigh leo ár dteanga, ghleoite, dhúchais, a chuir faoi sholas na réalt a bhreacadh na spéire. Tá aitheantas aici anois ar fud na cruinne nach raibh go dtí seo. Chuir seo i mbun smaointe mé. Cén dóigh a dtig linne, mar mhúinteoirí, níos mó suime a ardú inár gcuid ranganna, agus an Ghaeilge a spreagadh i measc na n-óg? Mas rud é gur rith an smaoineamh céanna ionatsa, seo thíos roinnt achmhainní teicneolaíochta a d’fhéadfadh cuidiú leat.

Is áis thar barr ar fad í duolingo. Tá sé ar an bhfód anois ó bhí Samhain 2011 ann, agus tá sé ag dul ó neart go neart. Tá 56.5 milliún duine ar fud na cruinne a úsáid, rud a léiríonn cé chomh héifeachtach agus rathúil atá sé. Is é an buntáiste is mó a bhaineann le duolingo nó go dtig le daltaí feabhas a chuir ar a gcuid ghramadach, stór focal, fuaimniú, agus scileanna éisteachta ar bhealaigh atá spraíúil. Is iad na scileanna seo croílár na foghlama i dteanga ar bith, go háirithe i nGaeilge.

Nuair atá bhur gcuid daltaí cláraithe, is féidir seomra ranga a chruthú dóibh tríd schools.duolingo.com. Sna seomraí ranga seo, tig obair ranga, obair bhaile, ceachtanna breise ar chuir ar fáil do na daltaí. De ghnáth bíonn iomaíocht ghéar eatarthu agus iad ag iarraidh barr na réime a bhaint amach! Cothaíonn seo suim san ábhar, agus tig leatsa, an múinteoir, breathnóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn tar éis gach rang. Ma tá nóiméad nó dhó agat inniu, mholfainn go mór duolingo i nGaeilge a thriall!

Ceann de na áiseanna teicneolaíocht is éifeachtaí atá le fáil, ó thaobh foghlaim teangacha de, nó Quizlet. Bunaíoadh Quizlet sa bhliain 2007, agus ó shin tá breis agus 60 milliún duine a úsáid. Is í an aidhm atá ag Quizlet nó feabhas a chuir ar na bunscileanna teanga, trí úsáid a bhaint as luaschártaí. Is féidir ranganna ilghníomhach a chrúthú, cluichí a imirt, agus measúnaithe sultmhar a chuir ar fáil do dhaltaí ar slite nach féidir le gnáth téacsleabhair. Ta breis eolais ag treoir le fáil thíos:

Buntáiste eile a bhaineann le Quizlet, go háirithe ó thaobh pleanáil de, nó go bhfuil cuid mhór de na ceachtanna réamhdhéanta ar an suíomh. Is féidir leas a bhaint astu, saor in aisce, nuair atá do chuntas ullmhaithe agat.

Arís, seo modheolaíoacht an-mhaith ar fad le suim na ndaltaí a spreagadh i do chuid ranganna Gaeilge! Bain triall as!

As an trí áis atá luaite sa bhlag seo, caithfidh mé a rá gur seo an cheann ab ansa liom! Nuair a fheicfidh tú é, deárfainn go mbeidh tú sa bhád céanna. Seo ‘Na Sraith Dúshláin’ nó ‘Challenge Tasks’. Bainim féin úsáid as an áis seo mór i mo chuid ranganna, agus ta sé soiléir go gcuidíonn sé go mór le rannpháirtíocht iomlán sa rang, go háirithe dóibh siúd a léiríonn easpa suime i gcúrsaí Gaeilge.

Is é an aidhm atá ag an áis seo nó deis a thabhairt do dhaltaí a gcuid eolas a léiriú trí modhanna ilghníomhach agus teic-bhunaithe. Tacaíonn seo go mór leo siúd nach bhfuil chomh tugtha sin den scríbhneoireacht, sa Ghaeilge ach go háirithe, agus a bhfuil cumas níos cruthaitheach acu. Is féidir leo trial a bhaint as luas-chártaí a dhearadh, cuntais dialainne a scríobh, podchraoltaí agus gearrscannáin a chrúthú, agus a gcuid suíomh idirlíne féin a bhunú.

Le cuidiú leat a bheith ní ba eolaí ar an áis seo, tá cúrsa deartha ar shuíomh Wriggle.ie chun sibh a mhúineadh céim ar chéim faoi na modhanna éagsúla gur féidir úsáid a bhaint as.

Mar fhocal scoir, mholfainn go mór leas a bhaint as ‘Na Sraith Dúshláin’, mar is cinnte go dtioca leis a bheith réabhlóideach maidir le spreagadh agus rannpháirtíocht daltaí i do chuid ranganna Gaeilge.

Recent Resources

Back To Top